Dia do bheatha agus fáilte mhór romhat go Coláiste Hibernia. Is é Coláiste Hibernia an soláthraí is mó bunmhúinteoirí in Éirinn. Tá an Coláiste aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus tá cáil air as ucht oideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán a chur ar ábhair oidí na tíre seo. Tuigimid go maith i gColáiste Hibernia stádas agus tábhacht na Gaeilge i sochaí chomhaimseartha na hÉireann. Bíonn tionchar suntasach ag gach uile mhúinteoir ar mheon an pháiste i leith na Gaeilge agus is tionchar fadtéarmach é seo ina n-aistear foghlama. Chun meon dearfach a chothú sa mhac léinn, cuireann an Coláiste seirbhísí teanga agus oideachais ar fáil dár gcuid mac léinn chun cabhrú leo dul chun cinn a dhéanamh sa teanga, agus chun spiorad agus cultúr na teanga a spreagadh ina measc. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú cur síos ar na tacaíochtaí seo agus ar chaighdeán na Gaeilge a bhfuiltear ag súil leis ó mhic léinn iarchéime agus iad ag cur isteach ar an gColáiste.
Le gur féidir áit a bhaint amach ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas), is gá d’iarrthóirí tabhairt faoi agallamh iomaíoch. San agallamh sin, a mhaireann 30 nóiméad, bíonn agallamh ginearálta ann chun oiriúnacht an iarrthóra le dul i mbun teagaisc a mheas, mar aon lena (h)eolas ar an múinteoireacht. Mar chuid den agallamh sin chomh maith, bíonn agallamh Gaeilge acu feadh 10-12 nóiméad chun a gcumas sa Ghaeilge a mheas. San agallamh Gaeilge, déantar na nithe seo a meas: scileanna cumarsáide, líofacht, stór focal, tuiscint and cruinneas. Ós rud é gur croí-ábhar de chuid churaclam na bunscoile í an Ghaeilge, tá caighdeán maith Gaeilge ag teastáil ó iarrthóirí chun tabhairt faoin gclár seo.
Bíonn beirt scrúdaitheoirí i lár ag an agallamh iontrála. Díríonn scrúdaitheoir amháin ar an agallamh ginearálta (trí Bhéarla) agus beidh an scrúdaitheoir eile i mbun an agallaimh Gaeilge. Is féidir le hiarrthóirí rogha a dhéanamh cé acu ba mhaith leo tosú leis an agallamh Béarla nó leis an agallamh Gaeilge.
Tá cur síos ar an agallamh Gaeilge le fáil san fhíseán thíos:
Cén caighdeán atá ag teastáil?
Cuimhnigh gur croí-ábhar í an Ghaeilge i gcuraclam teanga na bunscoile agus, mar mhúinteoir, go mbeidh tú ag múineadh na Gaeilge do dhaltaí gach lá. Táthar ar lorg iarratasóirí, mar sin, a bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge acu leis an teanga a mhúineadh go héifeachtach sa seomra ranga, nó a bhfuil caighdeán sách maith acu le go bhféadfadh siad an caighdeán sin a bhaint amach gan mórán stró i gcaitheamh na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas.
Ba chóir go mbeadh iarrthóirí in ann comhrá leanúnach a dhéanamh leis na hagallóirí faoi réimse topaicí agus iad féin a chur in iúl go soiléir tríd síos. Ba chóir go léireodh siad caighdeán ard cruinnis, líofachta, tuisceana agus foghraíochta.
Cuimhnigh freisin gur cúrsa ag leibhéal 9 an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas agus go ndéanann mic léinn staidéar ar an teanga ag an leibhéal sin.
Féach ar an bhfíseán thíos chun freagraí samplacha (atá ar chaighdeán ard) a fháil ar roinnt ceisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn san agallamh iontrála. Cuimhnigh nach bhfuil sna freagraí seo ach sampla.
Cúrsaí
gaelchultur.com – Tá cúrsaí faoi leith ar líne forbartha ag Gaelchultúr chun freastal ar riachtanais iarrthóirí ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas. Is féidir tabhairt faoin gcúrsa ó áit ar bith in Éirinn and tá sé lán le stór focal úsáideach, gramadach agus leideanna mar gheall ar an agallamh. Tá cúrsa foghlama cumaisc ar fáil freisin dóibh siúd ar mian leo ranganna aghaidh-ar-aghaidh a dhéanamh i mBaile Átha Cliath.
The Dublin Academy of Education – Tá cúrsa cuimsitheach ocht seachtaine ar fáil anseo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh iontrála Gaeilge don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas le Coláiste Hibernia.
Sa chúrsa seo, faigheann mic léinn:
8 rang 90 nóiméad le múinteoirí den chéad scoth
3 bhréagagallamh agus aiseolas ar nithe le feabhsú
Nótaí cuimsitheacha staidéir
Acmhainní agus Ullmhúchán
Moltar d’iarrthóirí ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas an-chuid ullmhúcháin a dhéanamh i gcomhair an agallaimh Gaeilge.
Cé go féinmhuinín tábhachtach, déantar mic léinn a mheas bunaithe ar a scileanna cumarsáide, cruinneas, tuiscint, stór focal agus líofacht. Tá neart taithí ag measúnóirí ar fhreagraí réamhullmhaithe a aithint and molaimid d’iarrthóirí, mar sin, iarracht a dhéanamh a gcuid Gaeilge a fhorbairt ar bhealach nádúrtha le go mbeidh siad in ann tabhairt faoi chomhrá líofa ilghnéitheach.
Ar dtús, is é an bealach is fearr le do chuid Gaeilge a fheabhsú ná a bheith ag úsáid na teanga chomh minic agus is féidir leat. Déan iarracht deiseanna a aimsiú leis an teanga a labhairt le daoine eile go rialta. Is minic a reáchtáiltear ranganna Gaeilge agus ciorcail chomhrá i ngaelscoileanna nó i leabharlanna, mar shampla. Molaimid go láidir do dhaoine rang oíche nó cúrsa Gaeilge a dhéanamh freisin. Ba chóir go mbeifeá ag labhairt na teanga ar feadh ar a laghad leathuair an chloig gach lá.
Chomh maith leis sin, tá leabhair, irisí, nuachtáin, podchraoltaí agus cláir raidió ar chaighdeán an-ard le fáil go forleathan sa Ghaeilge. Bí ag léamh, ag éisteacht, ag caint agus ag scríobh oiread agus is féidir leat, mar sin!
Tá cuid mhór acmhainní ar fáil chun cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge a gcuid scileanna teanga a fheabhsú. Féach thíos moltaí ón gColáiste maidir le hacmhainní agus seirbhísí a chabhróidh le hiarrthóirí ar an gclár.
Tá sé ráite ag iarrthóirí ar éirigh leo san agallamh roimhe seo gur mheas siad go raibh ranganna príobháideacha nó diancheachtanna úsáideach. Moltar do mhic léinn an Ghaeilge a labhairt oiread agus is féidir le haon duine a éistfidh leo!
Labhair leat féin, fiú! Cuirfidh sé go mór le d’fhéinmhuinín má labhraíonn tú an Ghaeilge ar feadh 15-20 nóiméad gach lá ar feadh roinnt míonna roimh an agallamh, agus ansin ar feadh 30 nóiméad gach lá sa mhí roimh ré. Bain triail aisti!
Mar chuid den Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) freastalaíonn mic léinn ar dhá Thréimhse Foghlama sa Ghaeltacht (coicís i ngach bloc, ceithre seachtaine san iomlán). Reáchtáiltear na cúrsaí i gceantair Ghaeltachta a bhfuil pobail ghníomhacha iontu agus a bhfuil an struchtúr cuí acu le timpeallacht thairbheach teagaisc agus foghlama a chur ar fáil do mhic léinn an Choláiste. Mar chuid den chlár leathan ilghnéitheach seo féachtar le forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga, cumarsáide agus sóisialta na mac léinn ar bhonn acadúil, gairmiúil agus pearsanta. Cuirtear tús leis an bhforbairt seo sa chéad bhloc agus tógtar ar dhul chun cinn na mac léinn sa dara bloc.
Le linn na Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht ardaítear feasacht shochtheangeolaíoch agus shoch-chultúrtha na mac léinn. Cothaítear meon dearfach i leith na Gaeilge ina measc agus cuirtear luach agus tábhacht na teanga ar a súile dóibh mar ghné lárnach dá bhféiniúlacht agus dá gcultúr. Mar chuid den Tréimhse Foghlama tugtar deis do mhic léinn iniúchadh agus machnamh a dhéanamh ar a stíl foghlama féin, agus cuireann an timpeallacht Ghaelach, an saineolas gairmiúil agus an comhoibriú le mic léinn eile go mór lena bhforbairt mar fhoghlaimeoirí. Tugann mic léinn faoi thascanna féinfhoghlama le linn na dtréimhsí seo d’fhonn a bhfeasacht a ardú i dtaca lena gcaighdeán féin sa Ghaeilge, chomh maith le cabhrú leo máistreacht a fháil ar a gcuid scileanna cumarsáide agus comhoibrithe.
An Nua-Ghaeilge
Tá dhá mhodúl Nua-Ghaeilge i gclár na Máistreachta Gairmiúla san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus is gnéithe lárnacha den chúrsa iad. Reáchtáiltear na modúil sin thar dhá bhliain an chláir. Dírítear sna modúil sin ar scileanna cumarsáide, labhartha agus scríbhneoireachta na mac léinn a fheabhsú mar aon lena gcruinneas sa teanga. Tá sé mar aidhm ag Roinn na Nua-Ghaeilge féinmhuinín a chothú i measc na mac léinn agus cur ar a gcumas an Ghaeilge a mhúineadh go héifeachtach, innealta. Pléann na mic léinn le hacmhainní teangeolaíochta, le litríocht, le filíocht, le drámaíocht agus le gramadach na Gaeilge go fíorúil agus aghaidh-ar-aghaidh. I measúnuithe na Nua-Ghaeilge, tugtar deis dóibh a gcumas sa sprioctheanga a léiriú agus a fhorbairt, agus tugtar aiseolas dóibh chun cabhrú leo tógáil ar a ndul chun cinn.
Cé nach mbaineann an modúl seo go díreach le múineadh na Gaeilge sa seomra ranga comhaimseartha, déantar gnéithe den mhodúl a chomhtháthú le hábhair a bhaineann le curaclam na Gaeilge agus le teagasc na teanga. Is é príomhaidhm an mhodúil, mar sin, cumas na mac léinn sa Ghaeilge a fheabhsú.
Curaclam na Gaeilge
Croí-ábhar de chuid Churaclam na Bunscoile í an Ghaeilge. Sa mhodúl seo, a forbraíodh go speisialta dár gcuid mac léinn, tugtar léargas cuimsitheach ar churaclaim na Gaeilge agus ar na príomhtheachtaireachtaí atá iontu maidir le teagasc na Gaeilge. Déanann na mic léinn staidéar ar shnáitheanna na gcuraclam agus ar na heochairphrionsabail a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge (mar chéad agus mar dhara teanga), chomh maith le heolas praiticiúil a fháil ar réimse leathan modheolaíochtaí teagaisc, foghlama agus measúnaithe. Faigheann na mic léinn treoir maidir le pleananna ceachta a ullmhú mar aon le léargas ar ghníomhaíochtaí éifeachtacha agus seifteanna praiticiúla le húsáid sna ceachtanna Gaeilge.
Cuireann Coláiste Hibernia fáilte mhór roimh iarrthóirí Gaeltachta agus roimh iarrthóirí ó chúlraí eile teanga ar nós cúlra Gaelscolaíochta. D’fhonn muinín a chothú i mic léinn Ghaeltachta agus Ghaelscolaíochta, tá sruthú déanta againn ar an socrúchán scoile. Mar sin, beidh stiúrthóir a bhfuil Gaeilge aige/aici, teimpléid agus cáipéisí Gaeilge agus aiseolas i nGaeilge ar fáil dár gcuid mac léinn más mian leo socrúchán scoile a dhéanamh i ngaelscoil nó i scoil Ghaeltachta. Beidh deis ag gach mac léinn, más rogha leis/léi, socrúchán scoile a dhéanamh i gceantar Gaeltachta nó i ngaelscoil (nó i scoil ina bhfuil sruth Gaeilge ar fáil). Más maith le mac léinn tabhairt faoi shocrúchán i nGaelscoil, beidh air/uirthi measúnú gearr a dhéanamh roimh ré chun a c(h)umas sa Ghaeilge a mheas.